Seacht n-ainmniúchán faighte ag cláracha TG4 ag Gradaim Fhéile na Meán Ceilteach 2024


Beidh Féile na Meán Ceilteach ar siúl i gCaerdydd sa Bhreatain Bheag ón 4-6 Meitheamh i mbliana
Ainmníodh TG4 do sheacht ngradam ag Gradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc Fhéile na Meán Ceilteach.
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus cuirtear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta.
Is iad seo a leanas ainmniúcháin TG4:
Pic Gráinne Seoige - TG4
Pic: Lyra McKee
Pic: Alex Lee
Pic: Reds na hÉireann
Pic: Presenters Fleadh Beo
Pic Cóilí Collins aka Shampain
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, "Tá ríméad ar TG4 seacht n-ainmniúchán a fháil ó Fhéile na Meán Ceilteach. Taispeánann na hainmniúcháin seo an raon clár atá ag TG4 atá léirithe ar ardchaighdeán don lucht féachana. Táimid ag tnúth go mór le féile na bliana seo i gCaredydd sa Bhreatain Bheag lenár gcomhghleacaithe chun an chuid is fearr de na Meáin Cheilteacha a cheiliúradh."
Beidh Féile na Meán Ceilteach ar siúl i gCaerdydd sa Bhreatain Bheag ón 4-6 Meitheamh i mbliana.