Scéim nua chun deireadh a chur le costas leabhar scoile do theaghlaigh scoláirí

PICTIÚR: PEXELSplaceholder image
PICTIÚR: PEXELS

Bainfidh breis agus 212,000 scoláire cláraithe i thart ar 670 iar-bhunscoil leas as an scéim nua

D’fhógair an tAire Foley sonraí scéime úrnua a chuireann leabhair scoile saor in aisce ar fáil do scoláirí na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais.

Bainfidh breis agus 212,000 scoláire cláraithe i thart ar 670 iar-bhunscoil leas as an scéim nua.

Cuirfear Deontas Tacaíochta Riaracháin ar fáil, ar leith, do scoileanna freisin chun cabhrú le rolladh amach agus cur i bhfeidhm na scéime agus chun aon ualach riaracháin breise a mhaolú.

Is méadú suntasach í an infheistíocht maoinithe de €68 milliún in 2024 atá ar a bhfuil ar fáil faoi láthair do leabhair scoile agus tugann sé isteach scéim leabhar scoile in aisce do bhlianta na Sraithe Sóisearaí i ngach iar-bhunscoil sa Scéim Saoroideachais. Treisíonn sé tiomantas an Rialtais scéim na leabhar scoile in aisce a leathnú chuig scoileanna ar fud na tíre, de réir mar a cheadaíonn acmhainní.

Cinnteoidh an scéim seo nach n-iarrfar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí scoláirí atá cláraithe i mblianta na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais aon leabhair scoile a cheannach nó a fháil ar cíos don scoilbhliain 2024/25.

Soláthróidh an scéim, ar a laghad, leabhair scoile in aisce, agus acmhainní lárnacha ranga do gach scoláire i mblianta na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa scéim in aisce sa scoilbhliain 2024/25, ag éascú ualach airgeadais theaghlaigh le linn na tréimhse ina mbítear ag filleadh ar scoil.

Gheobhaidh scoileanna speisialta ina bhfuil leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus atá cláraithe i gcláir na Sraithe Sóisearaí ráta na Sraithe Sóisearaí do gach dalta in 2024/25.

Chun tacú le riaradh na scéime seo, tá an Roinn ag leithdháileadh Deontas Tacaíochta Riaracháin ar iar-bhunscoileanna don scoilbhliain 2024/25, bunaithe ar mhéid na scoile, chun cabhrú le haon obair bhreise is gá chun an scéim a chur i bhfeidhm.

Féadfaidh scoileanna an deontas seo a úsáid chun duine a fhostú chun obair riaracháin a dhéanamh ar an scéim nó an t-airgead a úsáid i dtreo costais riaracháin eile a bhaineann le cur i bhfeidhm na scéime.

Tá treoir foilsithe ag an Roinn do scoileanna agus eolas do thuismitheoirí/chaomhnóirí faoin gcaoi a bhfeidhmeoidh an scéim nua anseo.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice