Scannán faoi rásaíocht Naomhóg a bhuaigh gradaim le craoladh ar teilifís don chéad uair


Scannánaithe i gCiarraí, dráma é atá suite ar imeall an domhain, ar fharraige Leithinis an Daingin
Craolfar TARRAC, scannán lánfhada Gaeilge, ar chainéal teilifíse Éireannach den chéad uair ar TG4 agus TG4.ie oíche Dé Luain, 18 Márta 2024 ag 9:30in.
Dráma é TARRAC atá suite ar imeall an domhain, ar chósta agus ar fharraige Leithinis an Daingin. Áit ina bhfuil tíreolaíocht fhiáin, áit a bhfuil a hintinn féin ag an aimsir agus ag na daoine. Tá mórtas áite agus croíúlacht ag baint le TARRAC. Is dlúthstaidéar carachtair é ar bhean a n-éiríonn léi, tríd an tóir atá aici ar spórt, a bheith sásta arís agus glacadh léi féin.


Is iad Kelly Gough, Lorcan Cranitch, Kate Nic Chonaonaigh, Kate Finegan, Rachel Feeney agus Cillian Ó Gairbhí na príomhaisteoirí.
I gceantar álainn Chorca Dhuibhne ar leithinis an Daingin i gContae Chiarraí a taifeadadh an scannán Gaeilge seo a bhfuil duaiseanna buaite aige.
Is iad Kelly Gough (Kill Command, Out of Innocence) Lorcan Cranitch (Lakelands, Aisha, Róise & Frank) Kate Nic Chonaonaigh (An Cailín Ciúin, Song of Granite, Shadow Dancer), Kate Finegan (Joyride, Rós na Rún), Rachel Feeney (Belfast, Death on the Nile) agus Cillian Ó Gairbhí (Róise & Frank, Foscadh) na príomhaisteoirí.
Thosaigh an Léiritheoir agus Scríbhneoir Scéalta, Clíona Ní Bhuachalla, (Seamus Heaney – Out of the Marvellous, The Clinic), an scríbhneoir Eugene O’Brien (Eden, Pure Mule) agus an stiúrthóir Declan Recks (Pure Mule, The Eden, Faithless) ag caint faoi scannán lánfhada Gaeilge a dhéanamh.
Deir Eugene: "Bhí Ciarraí ríthábhachtach don scannán dom féin, Declan agus Clíona. Is sa tírdhreach seo a bhfuil cáil ar fud an domhain air agus a mbíonn farraige mhór an Atlantaigh á réabadh a fhaightear an bád ar leith - an Naomhóg. Tá sainiúlacht den scoth ag baint leis an áit seo ón teanga go dtí an tírdhreach, na carachtair agus an bád í féin go deimhin."
Icebox Films a léirigh TARRAC. TG4, Fís Éireann agus an BAI (Coimisiún na Meán) a mhaoinigh TARRAC mar chuid de scéim Cine4 chun bunscannáin fhada i nGaeilge a chur ar fáil.
Achoimre Ghearr: Filleann Aoife Ní Bhraoin (Kelly Gough) abhaile chun cabhrú lena hathair ‘The Bear’ Ó Braoin (Lorcan Cranitch) atá ag teacht aige féin tar éis taom croí. I rith an ama seo, caitheann Aoife dul i ngleic le bás a máthar, briseadh croí a bhfuil neamhaird déanta aici dó go dtí seo. Tá go leor fós nach bhfuil pléite aici féin agus ag a hathair.
Cuireann Aoife aithne arís ar ghrúpa rámhaithe agus tugann an fhoireann seo, ar mná iad go léir, aghaidh ar an iomaíocht mhór a bhíonn i gceist leis na rásaí Naomhóg.