Fógraíodh an líon daoine is mó riamh i lóistín do dhaoine gan dídean
Tá ardú 213 ar líon na ndaoine atá i gcóiríocht
Tá freagra tugtha ag na Daonlathaithe Sóisialta TD Cian O’Callaghan ar fhigiúirí a foilsíodh inniu a léiríonn go bhfuil ardú 213 ar líon na ndaoine atá i gcóiríocht do dhaoine gan dídean.
Dúirt an Teachta O’Callaghan, urlabhraí tithíochta an pháirtí: “Tá 13,531 duine ina gcónaí i gcóiríocht éigeandála do dhaoine gan dídean anois – an líon is airde a taifeadadh riamh i stair an Stáit.
“Is ionadh é go bhfuil 4,027 acu seo ina leanaí agus 197 ina bpinsinéirí.
“Cá fhad a cheadóidh an Rialtas seo do níos mó agus níos mó daoine dul tríd an tráma a bhaineann le bheith gan dídean?
“Ó chuaigh siad i mbun oifige, tá méadú 56% tagtha ar an líon daoine atá gan dídean agus tá méadú 52% ar easpa dídine leanaí.
“Is taifead damanta é seo agus teip uafásach ar an Rialtas seo.
“Tá mé ag éileamh go seasta go dtabharfaí isteach an toirmeasc ar dhíshealbhuithe gan locht ó baineadh é.
“Ní beart radacach é seo – is gnách é i bhformhór na dtíortha Eorpacha nuair nach mbíonn ar dhaoine a íocann a gcíos maireachtáil agus eagla orthu roimh easpa dídine.”